Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí

Máirtín Mór Ó Cadhain: Tríonóideach

Le Cathal Ó Háinle.

Foilsithe in Bliainiris 6. Eag. Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil, Carbad, 2006, lgh. 9–42.

  • AG: As an nGéibheann: Litreacha chuig Tomás Bairéad (Sáirséal agus Dill, 1973).
  • GO: De ghlaschloich an oileáin: Beatha agus Saothar Mháirtín Uí Chadhain (An tSiúr Bosco Costigan i gcomhar le Seán Ó Curraoin, Cló Iar-Chonnacht, 1987).
  • PBPB: Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (An Clóchomhar Tta., 1969).
  • ST: Ag samhlú troda: Máirtín Ó Cadhain, 1905–1970 (Aindrias Ó Cathasaigh, Coiscéim, 2002).

Díreach faoi bhun cúig bliana déag, achar sách gearr, a chaith Máirtín Ó Cadhain ina bhall foirne de Scoil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Ceapadh ina léachtóir é i mí Eanáir, 1956, tráth a raibh sé leathchéad bliain d’aois agus d’fhan sé sa ghrád sin go dtí 1967, nuair a d’éirigh Dáithí Ó hUaithne as Ollúnacht na Gaeilge. Chuir Máirtín isteach ar an gcathaoir, ach níor ceapadh sa phost sin é. Ina áit sin ceapadh ina Chomh-Ollamh agus ina Cheann Roinne é. Ceapadh in Ollúnacht na Gaeilge é i 1969 agus toghadh ina Chomhalta é an bhliain dár gcionn. Bhásaigh sé i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin, 1970.

Ní nochtann an cuntas gearr sin a éadóiche, mhisniúla, thuisceanaí a bhí sé ó Ollscoil Átha Cliath Máirtín Ó Cadhain a cheapadh ar a foireann acadúil, ná a thábhachtaí a bhí sé do Mháirtín féin ar shlite éagsúla gur ceapadh é.

Bhí roinnt cúiseanna ar dhóigh go ndiúltódh maorlathas na Tríonóide an Cadhanach a cheapadh ina léachtóir. Seachas a dhintiúir mar bhunmhúinteoir bunscoile, ní raibh cáilíocht acadúil tríú leibhéal ar bith aige, fiú na bunchéime; agus is beag taighde acadúil a bhí foilsithe aige. Bhí an leathchéad slán aige agus é ag cur isteach ar an léachtóireacht, ach ní raibh post tríú leibhéal ar bith aige go dtí sin. Bhí sé tar éis a bheith ina bhall den I.R.A., briseadh as a phost mar phríomhoide bunscoile i gContae na Gaillimhe é i ngeall air sin, agus cuireadh i bpríosún é i mbeairic Chnoc an Arbhair agus i gcampa géibhinn an Churraigh sa tréimhse 1939 go dtí 1944. Os a choinne sin thall bhí aitheantas forleathan bainte amach aige mar phríomhscríbhneoir próis Gaeilge na linne.

Bhí sé sin ar fad ar eolas ag maorlathas na Tríonóide, agus ní foláir a admháil nach mór an gean a bheadh ag Tríonóid na gcaogaidí ar phoblachtánachas an Chadhanaigh, faoi mar nach raibh glacadh aici níos túisce sa chéad le ‘a man called Pearse’. Dá gceapfadh an Tríonóid go raibh a phoblachtánachas chomh domlasta sin is nárbh fhéidir é a cheapadh dá bharr, d’fhéadfadh sí ligean uirthi go héasca gurb iad a aois, a easpa taithí acadúla agus dintiúr acadúil ba chion siocair leis an eiteach a thabhairt dó. Dá dtogródh sí neamhshuim a dhéanamh dá phoblachtánachas, d’fhéadfadh sí go hionraic diúltú é a cheapadh i ngeall ar a aois, a easpa taithí acadúla agus dintiúr acadúil. Ba mhór an chreidiúint don Tríonóid gur dhún sí a súil ar na driseacha cosáin ar fad agus gur chinn sí an Cadhanach a cheapadh ina léachtóir; thuill sí di féin mórbhuíochas an Chadhanaigh agus meas na ndaoine go léir ar mhór acu an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge.

Is mian liom scéal Mháirtín Uí Chadhain a insint ar shlí a dhéanfaidh fianaise lena thábhachtaí don Chadhanach féin agus don Ghaeilge is dá litríocht a bhí cinneadh sin Choláiste na Tríonóide, ar dá bharr a fuair Máirtín tearmann sa saol acadúil a chuaigh go mór chun tairbhe dó.

Rugadh Máirtín Ó Cadhain ar an gCnocán Glas, taobh thiar den Spidéal i gConamara, Contae na Gaillimhe, ar an gceathrú lá d’Eanáir, 1906. Tá éiginnteacht áirithe i dtaobh a dháta breithe, ach, tar éis scrúdú cúramach a dhéanamh ar an bhfianaise, creidim gurb é an dáta atá luaite agam an dáta ceart. Tá a fhios agam go bhfuil daoine nach n‑aontódh liom, ach ní theastaíonn uaim dul i bhfad scéil leis sin anseo. Ba iad Seán Ó Cadhain agus Bríd Ní Chonfhaola a thuismitheoirí, agus, den triúr páistí déag a rugadh dóibh, ba é Máirtín an chéad duine a mhair. Feirmeoir nach raibh aige ach gabhaltas beag de thalamh bocht ab ea Seán Ó Cadhain agus fearacht bhunáite a chomharsan chaith sé a shaol ag coraíocht leis an talamh agus leis an bhfarraige ag iarraidh an snáth a choinneáil faoina fhiacail féin agus faoi fhiacla a mhná is a muirín. Ag brath ar neart a ghéag féin a bhí sé le slí bheatha a bhaint as an talamh agus as an bhfarraige, agus nuair a bhí Máirtín ina pháiste, ní foláir nó gurbh fhada le Seán go mbeadh an mac ba shine aige in ann lámh chúnaimh a thabhairt dó leis an gcrua-obair laethúil. Níor mhór dó Máirtín a chur ar scoil i dtosach, ar ndóigh, agus thosaigh seisean ag freastal ar Scoil Náisiúnta na mBuachaillí sa Spidéal i Meitheamh na bliana 1911. Bhí fear darbh ainm Éamon Ó Gógáin ina chúntóir agus ina dhiaidh sin ina phríomhoide sa scoil sin, agus thug seisean faoi deara a chliste a bhí Máirtín agus chuaigh ag áitiú ar a athair ligean dó leanacht dá chuid scolaíochta nuair a bhí sé tar éis an gnáthchúrsa a chur isteach. Dhiúltaigh Seán, ach lean an Gógánach den tathaint agus ar deireadh thiar ghéill Seán. Bhí córas na ‘monatóireachta’ nó an phrintíseacht múinteoireachta ann an uair sin mar bhealach mar mhalairt ar an meánscolaíocht le daoine óga a ullmhú le dul isteach sna coláistí oiliúna múinteoirí agus ceapadh Máirtín ina mhonatóir faoin nGógánach. Ghnóthaigh sé Scoláireacht an Rí sa bhliain 1923, ach bhí sé ró-óg le dul isteach i gcoláiste oiliúna. Lean sé air ina mhonatóir an bhliain dár gcionn, ghnóthaigh Scoláireacht an Rí arís sa bhliain 1924, agus mí Mheán Fómhair na bliana sin chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach, Baile Átha Cliath.

Is cosúil nár tharraing Máirtín mórán airde air féin le linn an dá bhliain a chaith sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, nó gur bhain sé ceann cúrsa amach, mí Iúil 1926. Ba chuimhin le comhghleacaí dá chuid é mar fhear óg ciúin a bhí tugtha don léann, nár ghlac aon pháirt i gcúrsaí spóirt an Choláiste, ach a chaith bunáite a chuid saorama ag léamh.1

Níos deireanaí ina shaol, fear ab ea Máirtín a bhí sách cuthail agus nach raibh ar a shuaimhneas i gcomhluadar daoine nach raibh aithne mhaith aige orthu nó a raibh mór is fiú ag baint leo.2

B’fhéidir gurb í an chuthaileacht sin ba chúis leis an gclaonadh ann fanacht ar leataobh óna chomh-mhic léinn. Murab ionann agus ógánaigh Gaeltachta eile a chuaigh ar mheánscoil Galltachta agus a fuair taithí ar an mBéarla agus iad fós i dtús na ndéaga, níor fhág Máirtín an Ghaeltacht go dtí go ndeachaigh sé isteach i gColáiste Phádraig i ndeireadh a dhéaga. Más amhlaidh nach raibh muinín go leor aige as a chuid Béarla dá bharr sin, d’fhágfadh sé sin seachantach é freisin.3

Ach an spéis a bhí aige i leabhair agus sa litríocht, ní sop ar bith in áit scuab an chaidrimh shóisialta a bhí inti.

Ba bheag de mhaoin an tsaoil a bhí ag muintir Mháirtín agus ní hé an oiread sin den oideachas foirmeálta a bhí faighte acu ach oiread; go deimhin bhí na seandaoine neamhliteartha sa Ghaeilge, a dteanga dhúchais, agus ní raibh ach bunlitearthacht acu sa Bhéarla, teanga nach raibh ach lagchumas labhartha acu inti. Ach ní raibh siad neamhliteartha i ndáiríre. Bhí saibhreas ollmhór i litríocht bhéil na Gaeilge, agus bhí an t‑uafás béaloidis ag muintir Mháirtín, go háirithe a athair agus a uncail, Máirtín Beag Ó Cadhain. Scéalaithe oilte ab ea iad. Bhí a meon agus a samhlaíocht á mbeoú ag an mbéaloideas agus bhí friotal a gcuid cainte á shaibhriú aige. Ba é an scéal céanna ag Máirtín é ón uair ar fhoghlaim sé na scéalta úd le linn a óige. Ach ba shuntasach an rud a rinne Máirtín nuair nach raibh sé ach ocht mbliana d’aois: thug sé faoi scéal Fiannaíochta a scríobh i gcóipleabhar. Is cosúil gur theastaigh uaidh nach é amháin go mbeadh an béaloideas á sheachadadh ó bhéal, ach go mbeadh sé á chur ar phár chomh maith. Ar aon chaoi, is cosúil go raibh dúil sa scríobh ag Máirtín agus é fós in aois na hóige, mura raibh i gceist ach scéal béaloideasa a bhreacadh síos, agus is dóigh faoin am ar tháinig sé chomh fada le Droim Chonrach go raibh an dúil seo ag cur faobhair ar a dhúil sna leabhair a raibh leorsholáthar díobh ar fáil dó anois den chéad uair. Ní ag léamh amháin a bhí sé, ach ag scríobh freisin: faoi dheireadh na bliana 1926 foilsíodh an chéad scéal uaidh ar An Stoc (Samhain, Nollaig, 1926, Eanáir 1927).

Tar éis cúpla tréimhse ghearr a chaitheamh ag teagasc i scoileanna ar oileáin Chonamara agus i nGaillimh, ceapadh é i 1927 ina phríomhoide i gCamas, Conamara, áit ar fhan sé nó gur aistrigh sé go dtí An Carn Mór i 1932. Le linn dó a bheith i gCamas, foilsíodh trí scéal eile dá chuid, agus thosaigh sé ag bailiú agus ag foilsiú béaloidis freisin: foilsíodh ceithre mhír ghearra uaidh ar An Stoc i 1928, ’30 (dhá aiste) agus ’31, agus i 1930, ’33, ’35 agus ’36 foilsíodh ceithre bhailiúchán thábhachtacha d’ábhar óna cheantar dúchais ar Béaloideas, iris An Chumainn le Béaloideas Éireann. Chomh maith leis sin chuaigh sé ag obair don Ghúm, rannóg foilsitheoireachta na Roinne Oideachais, agus tar éis píosa trialach a chur faoi bhráid eagarthóirí an Ghúim, thug sé faoi Ghaeilge a chur ar an úrscéal Sally Kavanagh le Charles J. Kickham. Níor éirigh leis réimeanna Gaeilge a chruthú a d’fhreagródh go sásúil do réimeanna Béarla an bhunsaothair, agus chaith sé tamall sách corrach ag cur agus ag cúiteamh faoi seo leis an nGúm.4

Foilsíodh an t‑aistriúchán sa bhliain 1932.

Liostáil sé san IRA freisin agus ceapadh é ina oifigeach ceannais ar an gcomplacht áitiúil; agus i 1930 toghadh ina chathaoirleach é ar chraobh Iar-Chonnacht den Irish National Teachers’ Organisation. Lean sé air ag plé le cúrsaí poblachtánachais tar éis dó aistriú go dtí An Carn Mór; bhunaigh craobh de Chonradh na Gaeilge ansiúd agus in am agus i dtráth toghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha; agus bhí sé an-ghníomhach san eagraíocht Muinntear na Gaedhealtachta, ar chuidigh sé lena bunú sa bhliain 1934 chun troid ar son chearta mhuintir na Gaeltachta. Ar an gcaoi sin bhí an Cadhanach ag fáil taithí ar a bheith ag obair in eagraíochtaí agus bhí sé ag tosú ar ghníomhaíocht agus ar agóid ar son cúiseanna ar chreid sé go paiseanta iontu agus a leanfadh sé air ag troid ar a son an chuid eile dá shaol.

Ní córas teoiriciúil a bhí i bpoblachtánachas Mháirtín Uí Chadhain. Bhí fealsúnacht aige a raibh sé neamhleithscéalach faoi agus ar chuir sé friotal uirthi sách minic. Chreid sé go daingean sa chineál Éireann a bhí leagtha amach i bhForógra na Cásca 1916, dar leis. Ach ar deireadh thiar is ar chúiseanna a bhí fite go dlúth faoi inneach a shaoil féin a bhí a chuid poblachtánachais bunaithe, faoi mar a mhínigh sé i 1960 nuair a dúirt sé: Tá a fhios agam céard a thug san IRA mé féin. Ba chall troid le mo mhuintir, boicht na tuaithe, a fhuascailt.5

Chomh maith leis sin, thuig sé gur ghá troid ar son na Gaeilge, teanga stairiúil an náisiúin Ghaelaigh, teanga a mhuintire féin i nGaeltacht Chois Fharraige, a theanga dhúchais féin, an teanga a ndéanfadh sé an oiread sin lena saibhriú, agus an teanga ar tríthi is gléine a d’fhéadfadh sé toradh a shamhlaíochta a nochtadh. Chreid an Cadhanach nach mairfeadh an Ghaeilge i bhfad eile mura ndéanfaí tréaniarracht len í a tharrtháil. Níl sé deacair a thuiscint a mhéad a ghoill sé air a fhios a bheith aige, mar a dúirt sé i 1969, go raibh sé ag scríobh i dteanga arb é a cosúlacht go [mbeadh] sí básaithe roimhe féin.6

Is cinnte gur ghlac an Cadhanach le tuiscint idéalach den náisiún Gaelach, ach bhí a chreideamh agus a ghníomhartha préamhaithe sa ghá a thuig sé a bhí ann troid ar son leas sóisialta a mhuintire féin agus ar son bhuanú agus fheabhsú a dteanga arb í a theanga féin í.

Is dá bharr sin, más ea, a chuaigh sé i mbun agóidíochta i 1934 nuair a bunaíodh an eagraíocht, Muinntear na Gaedhealtachta, chun cúinsí sóisialta na Gaeltachta a fheabhsú. Chuidigh iarrachtaí na heagraíochta sin lena áitiú ar an Rialtas glacadh i 1935 le scéim chun daoine as Conamara a aistriú soir go Ráth Cairn i gContae na Mí, mar ar cuireadh Gaeltacht nua ar bun. I 1954 bunaíodh eagraíocht nua darbh ainm ‘Muintir na Gaeltachta’ agus cuireadh craobh de ar bun i mBaile Átha Cliath, craobh ar tugadh ‘Cúl Taca’ uirthi scaití, chun daoine a eagrú le cuidiú le hiarrachtaí le cás na bpobal Gaeltachta a chur chun cinn. Bhí baint mhór ag an gCadhanach le Cúl Taca, ach ar uairibh níor réitigh sé leis an eagraíocht láir san iarthar. Thug sé tacaíocht láidir i 1954 d’agóid i nGaeltacht Iorrais nuair a dhiúltaigh daoine ansin cáin agus rátaí a íoc go dtí go gcuirfí caoi ar bhóithre, scoileanna agus tithe an cheantair.7

Lean sé air ag troid ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge go deireadh a shaoil mar a fheicfimid níos deireanaí.

Ní gan aird a chuaigh a phoblachtánachas, agus ba é an toradh a bhí air gur briseadh é as a phost mar phríomhoide i mbunscoil An Chairn Mhóir sa bhliain 1936, gur cuireadh i bpríosún i mbeairic Chnoc an Arbhair i 1939 é, agus gur cuireadh i ngéibheann é i gCampa an Churraigh áit ar fhan sé ó Aibreán 1940 go dtí Iúil 1944.

I ngeall ar leimhe an tsaoil sa ghéibheann tháinig lionndubh agus leisce ar chuid de na géibheannaigh. Ba é a dhála sin é ag Máirtín Ó Cadhain i dtreo dheireadh a thréimhse sa ghéibheann, rud a chuir sé in iúl i litir chuig cara dá chuid, Tomás Bairéad: Tá m’intinn cuibhrithe ag na sreanganna. Níor mhór dom an saol a fheiceáil aríst. Tagann marbhleathair [sic] ar d’intinn in áiteacha den tsórt seo, an uair nach gealtachas a bhuaileas thú.8

Ach i dtús báire ní mar sin a bhí aige, ainneoin gur buaileadh dhá bhuille throma air le linn a thréimhse géibhinn, mar atá, bás a mháthar i 1940 agus bás a athar i 1943. Chuir na géibheannaigh córas oideachais ar bun dóibh féin agus múineadh ranganna Gaeilge, staire ⁊rl. Bhí Máirtín ar an gcoiste a d’eagraigh na ranganna sin agus is cosúil gur thug sé faoin obair le flosc. Mhúin sé ranganna Gaeilge agus thug sraith léachtaí ar stair na hÉireann. Bhí sé ina eagarthóir freisin ar iris an ghéibhinn, Barbed Wire, agus sholáthair sé ábhar di i nGaeilge agus i mBéarla ar a raibh dánta ar chuir sé Gaeilge orthu ar nós ‘An Bhratach Dhearg’ agus an Internationale agus bailéid Éireannacha ar nós ‘The Shawl of Galway Grey’, ‘Moonlight in Mayo’, ‘The Boys of Kilmichael’. (PBPB, lch. 27). Ar ball, áfach, d’éirigh sé bréan de na léachtaí staire, agus, na ceisteanna iomadúla faoi mhionphointí gramadaí Gaeilge a chuireadh na foghlaimeoirí ródhíograiseacha air, thosaigh siad ag goilleadh air. Chomh maith leis sin b’fhearr leis a chuid ama a chaitheamh ag léamh is ag scríobh agus ag foghlaim teangacha nó ag cur feabhais ar na cinn a bhí aige cheana.

Sna blianta 1937–38 is ea a scríobh an Cadhanach na gearrscéalta a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1939 ina chéad chnuasach. Tá teideal an chnuasaigh sin, Idir Shúgradh agus Dáiríre, spéisiúil mar go léiríonn sé an bealach nach raibh an Cadhanach in ann a bheith iomlán dáiríre faoi féin, tréith dá phearsantacht a léirítear arís is arís eile ina shaothar cruthaitheach. Níl na scéalta sin an-láidir maidir le cumas samhlaíochta de agus ní thugann siad leid ar bith gur scríbhneoir é an Cadhanach a d’fhéadfadh scaradh leis an gcineál saothair a bhain an ceannsmach amach i measc scríbhneoirí Gaeilge an dara glúin den athbheochan.

Le linn na mblianta a chaith Máirtín i ngéibheann i gCampa an Churraigh, scríobh sé sraith mhór de litreacha chuig a chara, Tomás Bairéad atá luaite agam cheana. Foilsíodh iad sin sa bhliain 1973 sa leabhar As an ngéibheann, agus tugann siad léargas éachtach ar a raibh ar bun aige i gcúrsaí litríochta le linn dó a bheith i ngéibheann. Tagraíonn sé don draoi údar Gaeilge, Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Rúisise agus Spáinnise a bhí á léamh aige agus ar uairibh luann sé leabhair a bhí á léamh aige. Fág údair agus leabhair Ghaeilge, luann sé na húdair Auden, Eliot, Hazlitt, Rob Donn (Robert Mackay), Pater, Pound, Sitwell agus Spender i mBéarla; Chateaubriand, Corneille, de Vigny, Maritain, Mérimée, Rabelais, Racine agus Villon sa Fhraincis; agus Bakunin, Chekhov, Dostoevsky, Gogol, Gorky, Koestler, Pushkin, Toller, Tolstoy agus Turgenev i nGearmáinis agus i Rúisis; agus na leabhair Don Quichotte le Cervantes, Barnaby Rudge le Dickens, Madame Bovary le Flaubert, Gil Blas le Lesage, The Cloister and the Hearth le Charles Reade, The Dark Invader le Franz von Rintelen, And Quiet Flows the Don le Sholokhov, Heaven and Hell le Swedenborg, War and Peace le Tolstoy agus Virgin Soil le Turgenev. Deir sé i litir amháin go bhfuil Rabelais léite aige ó thús deireadh (AG, lch. 116) agus i litir eile go bhfuil staidéar á dhéanamh aige ar Maritain (AG, lch. 76).

B’fhéidir go ndéarfaí i bhfianaise an liosta údar agus leabhar sin gur léitheoir sách éisealach a bhí sa Chadhanach, ach ní mór cuimhneamh air go raibh sé ag brath ar a raibh ar fáil dó i leabharlann an ghéibhinn, leabharlann nach raibh mórán ratha uirthi (AG, lch. 48) go dtí gur cuireadh craobh de Leabharlann Chontae Chill Dara ar bun ann (AG, lch. 78), agus ar a gcuireadh a chairde chuige. Is cinnte gur sa bhunteanga a léigh sé na leabhair le húdair Fraincise; agus sa litir dheiridh a scríobh sé sular scaoileadh as an ngéibheann é deir sé: Tá mé i ndon Fraincis a scríobh go maith anois. (AG lch. 152). Os a choinne sin thall is in aistriúchán Fraincise a léigh sé Don Quixote agus na húdair Rúisise. (AG lch. 70). Bíodh go luann sé go raibh sé ag foghlaim na Rúisise agus go raibh múinteoir maith aige (AG lch. 77, 88)9, admhaíonn sé nárbh féidir leis na húdair Rúisise a léamh sa bhunteanga. (AG lch. 77). Deir sé go raibh ardmheas aige ar na húdair Rúisise ar fad (AG lgh. 77–8), ach go raibh cion ar leith aige ar scéalta le Gorky a bhí léite aige in aistriúchán Fraincise. Deir sé go raibh sé tar éis léargas nua liteartha a fháil de bharr na ‘gearrscéalta fada’ sin Gorky a léamh. (AG lch. 70). Is fiú a lua i dtaca leis seo de go raibh roinnt léirmheastóireachta liteartha á léamh aige freisin: luann sé go bhfuil sé tar éis aiste a léamh le Stephen Spender in New Writing 5 inar nochtadh barúlacha faoi shaothar Gorky a bhí ag teacht lena bharúlacha féin (AG lch. 70), agus déanann sé tagairt i litir níos deireanaí d’aiste ar an ngearrscéal in The Times Literary Supplement (AG lch 94). Is léir go raibh sé ag iarraidh a theicníocht liteartha féin a fhorbairt. Luann sé i litir a scríobh sé sa bhliain 1941 go raibh ceithre ghearrscéal scríofa aige ar na mallaibh, agus deir go gcreideann sé go bhfuil teicníocht an ghearrscéil Bhéarla ar a thoil aige, ach nach bhfuil mórán ceana aige air agus nach bhfuil sé sásta leis na scéalta atá sé díreach tar éis a scríobh. (AG lch. 70). Trí mhí ina dhiaidh sin, áfach, deir sé go bhfuil sé nó seacht gcinn de ghearrscéalta scríofa aige atá i bhfad níos fearr ná aon rud a bhí scríofa roimhe sin aige; deir sé go bhfuil roinnt mhaith gearrscéalta eile ar intinn aige, agus gur mhaith leis ansin tabhairt faoi shaothar níos faide. (AG lgh 77–8).

Bhí an Cadhanach an-tugtha don athscríobh agus don cheartú, agus is minic a scríobh sé mórán leaganacha den scéal céanna agus gur chuir sé le scéalta — go mór scaití — fiú agus iad i bprofa leabhair. Le linn dó a bheith sa ghéibheann, chuir sé cuid dá shaothar amach chuig a chairde len é a chur ar láimh shábhála, agus ina dhiaidh sin d’iarr sé ar na chairde é a chur ar ais chuige lena athscríobh. (AG lgh. 131, 141). Sa bhliain 1944 bhí úrscéal gearr á scríobh aige agus deir sé i litir dá chuid go raibh sé tar éis dhá leagan iomlána de a scríobh agus go raibh an tríú ceann á scríobh aige. (AG lch. 152). Deir sé ina dhiaidh sin nach raibh sé éasca i ndála shaol an ghéibhinn an chaoi a fháil le díriú i gceart ar an scríbhneoireacht dháiríre: dhá scéal i modh nua a raibh roinnt téisclime déanta aige ina gcomhair, deir sé fúthu: Níl mé ag déanamh tada leo faoi láthair ach tá na pointí móra a bhaineas leo breactha amach agam. Ní shílim go bhféadfaidh mé tada a dhéanamh anseo leo. Is saothar róthrom é le haghaidh áit mheata den tsórt seo… (AG lch. 152). Ba mhór aige barúil a chara, Tomás Bairéad, dá shaothar; ach bhí sé ag éirí níos muiníní as a chumas mar scríbhneoir agus faoi 1944 bhí sé in ann a rá leis an mBairéadach gur shíl sé go raibh scéal a bhí scríofa aige le goirid ar an gceann is fearr dá raibh déanta aige, bíodh gur shíl sé nach mbeadh Tomás róshásta leis i ngeall ar é a bheith rófhada. Deir sé: …tá mé i ndon cuid mhaith dhá mhacasamhail a dhéanamh. (AG lch. 141). Braitheann sé go bhfuil éascaíocht agus bisiúlacht smaointe ionam nach raibh ariamh cheana agus aithníonn sé a íorónta atá sé gur do Ghearóid Ó Beoláin, an tAire Dlí agus Cirt, a chuir sa ghéibheann é, atá an buíochas faoi seo ag dul: Ar neamhchead don Bheollánach rinne an géibheann seo a lán cor in m’intinn, a deir sé (AG 141–2). Chomh luath le 1941 bhí sé tar éis litir a scríobh chuig Tomás Bairéad ina ndúirt sé: Ní mór dom a amhdachtáil d’aile go ndearna an áit seo leas do mo chuid oideachais agus go bhfuair mé barr-léargais ar an saol, má d’íoc mé ann féin. Beidh scéalta le scríobh agam lá eicínt, má bhíonn a fhonn orm agus stuaim a scríofa ionam. (AG lch. 71), agus dúirt sé mórán an rud céanna arís i 1969 tráth ar scríobh faoina thréimhsí príosúntachta: Fuair mé an oiread eolais ar an duine is dhá mbeinn céad bliain ar an saol. Tá eolas ar an duine, ar an saol, riachtanach don scríbhneoir. (PBPB, lch. 26). Maidir leis an muinín a bhí aige as a chumas féin mar scríbhneoir faoi 1944, deir sé gur chóir go dtuillfeadh a shaothar táille níos airde ná an meán. Ach níorbh é an Cadhanach an Cadhanach mura dtiocfadh an fhonóid faoi féin go grod sna sála ar an maíomh sin, agus deir sé láithreach leis an mBairéadach: Caint aisteach í sin — an iomarca muiníne agam asam féin anois — nó cheal aeir úir is cúis leis?. (AG lch. 142).

Ligeadh an Cadhanach amach as campa an Churraigh i mí Iúil 1944. Ceithre bliana ina dhiaidh sin foilsíodh an dara díolaim gearrscéalta dá chuid. Ba é sin An Braon Broghach ina bhfuil roinnt scéalta a scríobh sé le linn dó a bheith sa ghéibheann. Tá magadh an lagmheasa air féin le sonrú sa teideal sin arís: is é an braon broghach an chéad sileadh den phoitín as an stil, ar bhiotáille neamhghlan a bheadh ann. Ach tá mórán sa leabhar seo a bhféadfadh sé a bheith bródúil as. Cuid de na scéalta, is gearrscéalta fada iad den sórt a ndearna sé an oiread sin cainte faoi sna litreacha chuig Tomás Bairéad,10 agus tá aibíocht mhaith ag baint leis an saothar trí chéile. Tá léargas níos doimhne agus samhlaíocht níos siúráilte i gcuid mhór de na scéalta. Os a choinne sin thall tá galar an fhoclachais ina smál orthu ar fad. An leas cumasach a bhain sé as an nGaeilge ina shaothar, is léir dar liom nach é tréine a phearsantachta féin amháin ba chionsiocair leis ach a mhian phaiseanta a chur síos i dtaifead a shaothair chruthaithigh ráiteas chomh hiomlán agus ab fhéidir leis i dtaobh acmhainní abhalmhóra na Gaeilge a fuair sé mar oidhreacht óna mhuintir. Mar a luaigh mé cheana, níor fhág Máirtín an Ghaeltacht riamh go dtí go raibh sé san déaga arda. D’fhág sé sin go raibh Gaeilge shaibhir a mhuintire á sealbhú aige ní amháin nuair a bhí sé ina leanbh ach nuair a bhí sé ina dhuine fásta freisin,11 agus lean sé air ar feadh a shaoil ag saibhriú a chuid Gaeilge lena bhfuair sé ó litríocht na Gaeilge, ón mbéaloideas, ó chanúintí na Gaeilge agus na Gaidhlig. (PBPB, lgh. 15–18). Bhí a fhios go dianmhaith aige féin go raibh rabharta fhriotal a shaothair ag teacht salach scaití ar a n‑éileodh an dea-phrós,12 ach is cosúil gur den riachtanas dó é an gníomh ómóis sin a dhéanamh.

Mná atá mar phríomhphearsana i gcuid de na scéalta is fearr sa bhailiúchán sin: go deimhin bhí sé i gceist ag Máirtín gur scéalta faoi mhná a bheadh sna scéalta go léir sa díolaim, ach dhiúltaigh an foilsitheoir, an Gúm, roinnt scéalta a ligean sa leabhar,13 agus b’éigean atheagar a chur ar ábhar an leabhair. Dhá bhliain ina dhiaidh sin (1950) foilsíodh a chéad úrscéal, Cré na Cille: 1949 an dáta atá ar an leabhar féin, áfach. Tar éis dó teacht amach as an gcampa géibhinn is ea a scríobh sé an saothar seo (PBPB, lch. 28). a bhuaigh duais Oireachtais i 1947 agus a foilsíodh mar shraithscéal ar Scéala Éireann i 1949. Dhiúltaigh an Gúm an saothar a fhoilsiú mar leabhar mura mbainfí rudaí áirithe as, rud nach raibh Máirtín sásta a dhéanamh.14 Tráthúil go leor bhí Seán Ó hÉigeartaigh agus a bhean, Bríghid, tar éis an comhlacht neamhspleách, Sáirséal agus Dill, a chur ar bun i 1945, agus d’fhoilsigh siadsan Cré na Cille. D’fhoilsigh siad freisin ceithre bhailiúchán gearrscéalta de chuid an Chadhanaigh chomh maith leis an mbailiúchán litreacha uaidh chuig Tomás Bairéad, ach ní ina fhoilsitheoir amháin a bhí Seán Ó hÉigeartaigh ag Máirtín Ó Cadhain, ach ina chara agus ina chomhairleoir freisin.15

Saol iarbháis is ea an saol atá á chaitheamh ag na pearsana in Cré na Cille: tá siad go léir ina n‑uaigheanna sa reilig agus cloistear iad ag caint as a n‑uaigheanna. Is baill de phobal bhaile fearainn i gCois Fharraige iad príomhphearsana uile an leabhair, agus tá a gcuid allagair thar a bheith beo bríomhar dathannach, go háirithe caint Chaitríona Pháidín, príomhphearsa an leabhair. Tá sí seo ar dhuine den fhíorbheagán pearsan i bhficsean na Gaeilge a bhfuil stádas bainte amach acu atá inchurtha le stádas pearsan stairiúla. Más ea, is í Don Quixote, Robinson Crusoe, Moll Flanders na litríochta Gaeilge í. Dar le Breandán Ó Doibhlin, nochtann an Cadhanach dearcadh sách gruama i dtaobh an duine san úrscéal seo .i. nach féidir an duine a leasú. Na lochtanna atá orainn, ní féidir iad a leigheas agus bíonn siad orainn go deireadh ár saoil, agus fiú má mhairimid go síoraí sa saol iarbháis, beidh na lochtanna céanna orainn.16 Léamh suimiúil eile ar an leabhar is ea an ceann a mhol Ian Erik Rekdal. Dar leis siúd gur cuntas cruinn ar shaol gnáthdhaoine is ea an cuntas a thugtar in Cré na Cille, rud a nochtann an teideal a thug an Cadhanach ar chaibidlí an leabhair, mar atá, ‘eadarlúid’. Níl aon chumhacht ag pearsana an leabhair seo mar gur gnáthdhaoine iad, agus ní chloistear a nguth ach amháin in eadarlúidí i ndioscúrsa na cumhachta nuair nach bhfuil glórtha arda údarásacha lucht na cumhachta á múchadh. Mar nach bhfuil aon chumhacht ag an ngnáthphobal, ní féidir leo cúinsí a mbeatha a athrú. Gineann sé seo frustrachas agus is é frustrachas seo na heaspa cumhachta atá á nochtadh in Cré na Cille, dar le Rekdal.17 An t‑éad agus na faltanais a bhí ag crá Chaitríona Pháidín agus a comharsan agus iad beo, tá siad fós á gcrá sa saol iarbháis ina maireann siad. Fágann sé seo nach dtéann aon athrú ná forbairt ar phearsana an scéil seo: fanann siad mar atá siad ó thús deireadh agus iad ag crinneadh chnámha an éada chéanna agus na bhfaltanas céanna de shíor. Cuntas statach a thugtar orthu, dá bhrí sin, cuntas ar deacair dó suim an léitheora a spreagadh agus a choinneáil, agus tá sé sin ar cheann de phríomhlaigí an tsaothair, laige nach gcabhraíonn aon mhíniú ar éirim an scéil lena leigheas.

Níorbh iad na gnéithe sin den saothar ba chás leo sin a scríobh léirmheasanna ar an leabhar go luath tar éis a fhoilsithe. Ghlac siad seo leis nach raibh i gceist ag an gCadhanach ach pobal Gaeltachta a léiriú go dealraitheach, agus ba ghráin le cuid acu an léiriú sin agus go háirithe an chaint a chuir an t‑údar i mbéal na bpearsan. Os a choinne sin thall, mheas Daithí ó hUaithne, agus é ag scríobh ar an Irish Times (27 Bealtaine 1950), gurb í caint an leabhair a phríomhbhua, ach siúd is gur nocht sé an tuairim gurbh é Cré na Cille an t‑úrscéal ba thábhachtaí dar foilsíodh sa Ghaeilge le fada an lá, bhí sé den bharúil go raibh teicníocht agus struchtúr an leabhair i bhfad róchasta, dá shonraíche neamhghnáthaí a bhí an teicníocht sin. Mhol léirmheastóirí eile an leabhar níos airde fós. ‘Úrscéal as an gcoitinne,’ a tugadh air i dteideal léirmheasa san Irish Independent (6 Bealtaine 1950); scríobh Seán Dowling in An tIolar (4 Aibreán, 1950): …With the publication of Cré na Cille Irish Literature has come of age. No superlatives can exaggerate its importance; agus in Envoi (Bealtaine, 1950) scríobh Tomás Mac Síthigh: Chuir áilneacht na samhluigheachta [in Cré na Cille] iongnadh orm agus luaigh sé arís ina dhiaidh sin [an] tsamhluigheacht thréan chumasach a thaisbeáineann [an t‑údar] ann.

Faoi 1951 bhí úrscéal eile, Athnuachan, scríofa ag an gCadhanach. Bhuaigh sé duais an Chlub Leabhair ag Oireachtas na bliana sin, ach bheartaigh sé gan é a fhoilsiú agus níor foilsíodh é go dtí 1995 (eag. Breandán Ó Doibhlin). D’fhoilsigh sé roinnt gearrscéalta in irisí éagsúla i 1948, 1950 agus 1952, agus ansin in 1953 d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill an tríú bailiúchán gearrscéalta dá chuid, Cois Caoláire. Naoi scéal atá sa bhailiúchán seo. Éacht cheart is ea a éagsúla atá an fhoirm ó scéal go scéal agus a dhoimhne atá an charachtracht i gcuid de na scéalta, rudaí a léiríonn nach mbeadh an Cadhanach sásta le haon chur chuige seanchleachtaithe. Tá claonadh i scéalta an bhailiúcháin seo díriú ar dhaoine atá trína chéile ionas go ndéantar scagadh iontu ar an ngealtachas agus ar thinnis shíceolaíocha eile. Léirítear i scéalta sa díolaim seo gur féidir le riachtanais dhaonna nach sásaítear daoine a leonadh go síceolaíoch. I scéal amháin, Ciúmhais an Chriathraigh, tá réaladh breá ar fhrustrachas mná a chaitheann a fuinneamh ar fad ag saothrú a feirme in áit aon chaidreamh daonna a chothú; i scéal eile, An Strainséara, feictear bean a théann as a meabhair i ngeall ar gur marbh a rugadh a cúigear páistí; agus i scéal eile fós, Clapsholas Fómhair, téann fear le buile is le bánaí de bharr na himní atá air go gcaithfear amach é as gabhaltas nach leis ach atá á shaothrú aige leis na blianta. Faoi mar a bhí déanta aige in Cré na Cille, bhí an Cadhanach ag teacht i dtír in Cois Caoláire ar an aithne a bhí aige ar phobal na tuaithe, agus an pictiúr a chruthaigh sé, ní haon phictiúr deas rómánsúil é, ach ceann lomréalaíoch.

Faoi lár na gcaogaidí bhí bun daingean curtha ag Máirtín Ó Cadhain faoin éileamh go n‑aithneofaí é mar mhórscríbhneoir Éireannach. Ach ó scaoileadh amach as an ngéibheann é, bhí sé ar a chruadhícheall ag iarraidh an snáth a choinneáil faoin bhfiacail agus é ag saothrú i bpostanna suaracha éagsúla. Bhí lámh agus focal idir é agus Máirín Ní Rodaigh ó 1939; phós siad i 1945 agus chuir siad fúthu in árasán i gCarnán Cloch, Baile Átha Cliath. Le linn an ama bhí Máirtín ag scríobh agus ag réiteach ábhair le foilsiú agus bhí sé ag bailiú ábhair le haghaidh eagráin nua d’fhoclóir an Duinnínigh a bhí á bheartú ag Roinn an Oideachais. Sa bhliain 1947 ceapadh é i bpost sóisearach i Rannóg an Aistriúcháin sa Dáil. Is cosúil gur beag fonn a bhí ar an maorlathas Máirtín a cheapadh, ach go ndearnadh stocaireacht go leor ar a shon, agus ina measc siúd a rinne an stocaireacht bhí, aisteach go leor, Earnán de Blaghd ar beag cion a bhí ag Máirtín air, agus an Canónach Pádraig Ó Móráin a bhí ina shagart paróiste ar an gCarn Mór nuair a briseadh Máirtín as a phost bunmhúinteora ansiúd. (GO, lch. 69).

Deir Seán Ó Lúing a bhí ag obair in éineacht le Máirtín san oifig sin:

Oibrí an-mhaith ab ea é. Níor thóg sé i bhfad air teacht isteach ar an aistriúchán agus bhí sé an-chruinn ag seiceáil — obair nár mhór duit bheith airdeallach ina bun… Bhí Máirtín an-iontaofa cúramach ar an gcuma sin… Ní raibh éinne is mó a ndeachaigh oifigiúlacht i gcúrsaí teangan agus leaganacha oifigiúla Gaeilge i bhfeidhm air. (GO, lgh. 69–70).

Ba mhór aige an tuarastal dá shuaraí é, ar ndóigh, ach de réir Uí Lúing [bh]í col nádúrtha aige le hoifigiúlacht, le comhaid, le trodáin, le rialacha oifigiúla agus a leithéidí ionas go raibh sé ina dhóchúlacht ón gcéad lá a tháinig sé isteach san oifig… [go n‑ionsódh sé] fir cheannais agus oifigeánaigh arda. (GO, lch. 70). Faoi 1952 bhí sláinte Mháirtín ag dul in olcas. Ansin i 1953 thosaigh sé ag scríobh colúin sheachtainiúil don Irish Times inar nocht sé go dána barúlacha go leor nach mbeadh mórán glactha ag a mháistrí sa státseirbhís leo. Lean sé den cholún sin, ‘Caiscín’, go Bealtaine 1956.18 Scríobh sé scéal dar teideal An Eochair inar thug sé cuntas géar searbh ar bhealaí oibre na státseirbhíse. Léirigh sé gur juggernaut dalba í a scriosann an duine daonna, agus freagraíonn foirm an scéil don tuiscint sin, mar aon stráice mór fada amháin próis (57 lch.) atá ann, é gan bhriseadh gan bhearna agus é ag gluaiseacht ar aghaidh gan staonadh faoi mar a ghluaiseann an státseirbhís féin. Níor foilsíodh an scéal sin go dtí 1967, tráth a raibh Máirtín tar éis éalú ó chrúba na státseirbhíse fadó riamh.

Thuig Seán Ó hÉigeartaigh, cara agus comhairleoir Mháirtín, a mhífheiliúnaí a bhí post sa státseirbhís dó,19 agus is cosúil gur thug sé roinnt daoine le chéile le féachaint arbh fhéidir cuidiú leis post níos féiliúnaí, post ollscoile b’fhéidir, a fháil. Bhí Éamonn Ó Tuathail tar éis éirí as cathaoir na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1955 agus ceapadh an tOllamh nua, Dáithí Ó hUaithne, mí Mheán Fómhair na bliana céanna sin. Acadúlach sinsearach ab ea Ó hUaithne sular tháinig sé chun na Tríonóide, arae bhí sé ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh de Institiúid Aird-Léinn Bhaile Átha Cliath ó 1948 go dtí 1953 agus ina Lán-Ollamh ó 1953 go dtí 1955. Bhí sé i gceannas anois, áfach, ar Roinn nach raibh ar a foireann acadúil, seachas é féin, ach beirt: Seán Beaumont a bhí ina Léachtóir le Gaeilge, agus Gordon Quin, a bhí ina Léitheoir le Teangacha Ceilteacha; agus ní raibh lánphost i Scoil na Gaeilge ag Quin mar bhí sé ina Léachtóir le Foghraíocht is Teangeolaíocht agus ina Léachtóir le Sainscrit agus Fileolaíocht Chomparáideach i ranna eile. Sna caogaidí ní raibh ach foireann sách teoranta ag aon cheann de ranna na n‑ealaíon sa Tríonóid, ach ba shuarach amach is amach an líon foirne a bhí ag Ó hUaithne. Bhí folúntas sa Scoil, áfach, ag leibhéal an Léachtóra Chúnta, agus fuair Ó hUaithne cead ceapachán a dhéanamh ag leibhéal an Léachtóra. Ceapadh Máirtín Ó Cadhain sa phost sin mí Eanáir 1956.

Mar a luaigh mé i dtús báire, ní móide go raibh fonn rómhór ar chuid de mhaorlathas na Tríonóide an Cadhanach a cheapadh ar fhoireann teagaisc na hOllscoile. Ach ní raibh amhras ar bith ar Ó hUaithne faoi sheasamh an Chadhanaigh mar scríbhneoir cruthaitheach. Sa bhliain 1950 bhí sé tar éis léirmheas meáite a scríobh ar Cré na Cille, mar atá ráite agam, léirmheas inar mhol sé go hard cumas Mháirtín leis an teanga a láimhseáil le héifeacht.20 Nuair a foilsíodh An tSraith ar Lár sa bhlain 1967 scríobh Ó hUaithne léirmheas air (Irish Times, 16.12.1967) ina ndúirt sé: Máirtín Ó Cadhain is Ireland’s leading writer, and has been since he published Cré na Cille in 1953, for that book is the only novel by an Irishman capable of standing comparison with Joyce’s Ulysses. Agus cúpla bliain ina dhiaidh sin scríobh sé arís: Ó Cadhain’s Cois Fharraige takes its place with Joyce’s Dublin, and Cré na Cille is the only book by an Irishman which is worthy of comparison with Ulysses.21 Ba dhóigh liom go raibh meas ag Ó hUaithne ar an gCadhanach mar gheall ar a chróga a raibh troid déanta aige ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, gur thuig sé go cruinn an saibhreas mór Gaeilge a bhí ina sheilbh aige agus a bhí curtha ar fáil aige ina chuid scríbhinní, agus gur léir dó gur i bpost acadúil ab fhearr a d’fhéadfadh sé an teanga a shaothrú. An iarracht a bhí ar bun ag Seán Ó hÉigeartaigh le post acadúil a fháil don Chadhanach, ba dhóigh liom go dtaitneodh sí leis an Uaithneach agus go mbeadh sé ag tacú léi, agus bhí sé san áit anois a bhféadfadh sé cabhair phraicticiúil a thabhairt. Bhí an stádas acadúil agus an phearsantacht spleodrach aige a chuir ar a chumas an t‑áitiú a bhí riachtanach a dhéanamh le héifeacht. Frank Mitcheall, arbh é Cláraitheoir na hOllscoile ag an am é, is cosúil gur thug sé lántacaíocht don iarracht, agus tá an chuma ar an scéal go raibh an Propast Mc Connell fabhrach di freisin. Chinn an Tríonóid ar an gCadhanach a cheapadh sa Léachtóireacht le Gaeilge, agus scríobh Frank Mitchell chuig Máirtín á chur sin in iúl dó. Cinneadh tábhachtach mórintinneach ab ea é.

Thug Máirtín faoi obair an léachtóra le fonn mar ba dhual dó. Bhí beagán de na mic léinn a raibh scáth orthu roimhe, ach bhí tionchar an-mhór aige ar a lán eile acu, agus bhí roinnt a raibh ómós thar na bearta acu dó agus arbh é a laoch é. Deirtear go raibh mac léinn amáin a rinne iarracht aithris a dhéanamh ar nósanna cainte Mháirtín agus a chuir leathmhaig air féin agus é ag siúl le go mbeadh an stiúir chéanna faoi agus a bhí faoi Mháirtín, dar leis. Ar fhaitíos go n‑éireoidís ródháiríre, áfach, bhí Máirtín i gcónaí réidh leis an ngaoth a bhaint díobh lena chuid magaidh. Uair éigin le linn na mblianta a raibh mic léinn dá chuid ina ndeisceabail de chuid Mao Zedong, thairg Máirtín dréacht as aistriúchán Béarla ar Leabhar Beag Dearg Mao mar cheacht aistriúcháin le go gcuirfeadh na mic léinn Gaeilge air. Ba dhóigh leat go dtuigfeadh sé go gcuirfeadh sé olc orthu go mbeadh a mbíobla á mhaslú mar sin, agus ar ndóigh thuig. Mar mhagadh faoina ndáiríreacht a rinne sé é, agus d’éirigh leis saighdeadh fúthu, mar tháinig siad go sollúnta lena ngearán a dhéanamh faoina ndearna sé. Os a choinne sin thall bhíodh imní ar Mháirtín faoin tionchar a d’fhéadfadh a dhearcadh frithchinsealach a imirt ar na mic léinn. Dúirt sé liom féin gur ghoill sé air nuair a chinn iníon léinn chumasach dá chuid déanamh de réir a cuid prionsabal Mao-ach agus droim láimhe a thabhairt leis an ollscolaíocht: is amhlaidh gur mheas sé gurbh fhéidir go raibh baint ag an meas a bhí ag an gcailín air féin leis an gcinneadh a rinne sí.

Sa bhliain 1967 ghlac Máirtín le cuireadh taisteal go Béal Feirste uair in aghaidh na seachtaine le léachtaí a thabhairt ar litríocht is ar chultúr na Nua-Ghaeilge i Roinn na Ceiltise in Ollscoil na Ríona. An bhliain chéanna sin d’éirigh Daithí Ó hUaithne as Ollúnacht na Gaeilge sa Tríonóid agus d’fhill ar Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid an Aird-Léinn. Fógraíodh láithreach go raibh ceapachán chun na hOllúnachta le déanamh agus chuir Máirtín isteach uirthi i mí na Bealtaine.22 Níor ceapadh sa Chathaoir é, ach bronnadh comhollúnacht air agus ceapadh ina Cheann Roinne é. Níorbh fhear riaracháin é Máirtín ó nádúr, rud a léiríonn an pictiúr a tharraing Nessa Ní Sheaghdha de go gléineach agus é ag siúl trasna na cearnóige… [agus] a phócaí plúchta le billeoga agus leabhair, [agus] nótaí faoina ascaill.23 Daoine éagsúla a bhí ina n‑oifigigh de chuid na hOllscoile ag an am, áfach, d’inis siad dom gur chaith sé a dhúthracht ar fad lena chuid dualgas agus leis an bhfreagracht a bhí air i dtaobh na mac léinn fochéime agus iarchéime agus i dtaobh ardchaighdeáin acadúla a choinneáil ar bun i Scoil na Gaeilge. Sna trí bliana dheireanacha dá shaol bhí Máirtín ina Scrúdaitheoir Seachtrach sa Nua-Ghaeilge le haghaidh Ollscoil na hÉireann, rud a d’fhág go raibh sé freagrach as caighdeán na scrúduithe Nua-Ghaeilge sna coláistí ollscoile i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh agus sa choláiste aitheanta i Maigh Nuad. Bhí mé féin i mo Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, ag an am agus is féidir liom fianaise a dhéanamh leis an dua as cuimse a chaith sé le dualgais na scrúdaitheoireachta seachtraí a chomhlíonadh.

Sna seascaidí agus sna seachtóidí d’fhoilsigh Máirtín sraith de léirmheasanna acadúla ar shaothair scolártha i dtaobh litríocht agus teanga na Gaeilge is na Gàidhlig, chomh maith lena thiomna shonraíoch liteartha, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca agus dhá aiste faoi stair litríocht na Gaeilge.24 Faoi 1963 bhí cuntas an-phearsanta ar stair na Gaeilge le cúpla glúin anuas agus ar dhála comhaimseartha na Gaeltachta scríofa aige freisin. Bhí sé i gceist é sin a fhoilsiú, ach níor tháinig sé amach go dtí gur foilsíodh é faoin teideal An Ghaeilge Bheo: Destined to Pass (eag. Seán Ó Laighin) i 2002. Thug sé le fios i 1969 go raibh téacsleabhar ar theanga agus litríocht na Nua-Ghaeilge scríofa aige agus go raibh sé i mbéal a fhoilsithe.25 Níor foilsíodh é sin riamh. Ní mór an fómhar é; agus níos measa fós, níor fhoilsigh sé saothar cruthaitheach ar bith idir 1956 agus 1966. Daoine a bhí ag súil leis go soláthródh an post sa Tríonóid tearmann don Chadhanach ina mbeadh an suaimhneas aige le tabhairt faoin scríbhneoireacht go lándáiríre, ní foláir nó go raibh díomá orthu agus gur cheap siad gur beart iomrallach ab ea é an Cadhanach a cheapadh i bpost acadúil. Ní mór a thuiscint, áfach, go raibh ar an gCadhanach a thúisce a ceapadh é luí isteach ar léachtaí a cheapadh amach go nua as an bpíosa le haghaidh a chuid ranganna agus go raibh air dualgais eile na léachtóireachta a chomhlíonadh — aistí agus ceachtanna a cheartú, scrúduithe a cheapadh agus a mharcáil, freastal ar chruinnithe. Chomh maith leis sin, ní foláir go raibh an deis á thapú aige léitheoireacht fhairsing a dhéanamh i litríocht agus i bhfealsúnacht na hEorpa agus i luathlitríocht na Gaeilge. Is deacair a bheith lánchinnte cad é go díreach a léigh sé sa tréimhse sin, de bhreis ar a raibh léite aige roimhe sin: corrleabhar a bhfuil fianaise chinnte ann gur i dtús na seascaidí a léigh sé iad, leithéidí The Golden Bough le James George Frazer agus The Festival of Lughnasa le Máire Mac Neill, agus ón uair go luann sé Freud, Jung, an tÍosánach Teilhard de Chardin, Jacques Maritain agus Jean Paul Sartre in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, ba dhóigh liom go raibh siad sin á léamh aige sna seascaidí freisin.26 Agus níor éirigh sé riamh as a chuid troda ar son na Gaeltachta is na Gaeilge.

I 1958 chuir an Rialtas an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge ar bun; níor foilsíodh Tuarascáil an Choimisiúin go dtí 1964, agus ansin d’fhógair an Rialtas go raibh i gceist aige Páipéar Bán a fhoilsiú le feidhm a thabhairt don chuid de mholtaí an Choimisiúin a mbeadh glacadh ag an Rialtas leo. Ní raibh ach corp lagmheasa ag an gCadhanach ar an Tuarascáil chéanna agus ar ndóigh bhí a fhios aige gur lú fós an éitir a bheadh sa Pháipéar Bán. D’éirigh leis cóip den Pháipéar Bán a fháil sular foilsíodh é ar 16 Eanáir, 1965, mar a bhí beartaithe, agus d’úsáid sé í le scrios a dhéanamh ar iarracht an Rialtais le leas a bhaint as foilsiú an Pháipéir le bolscaireacht a dhéanamh. Sna seascaidí bhí Máirtín ina réalta eolais ag an eagraíocht Misneach a bhunaigh roinnt daoine óga chun brú a chur ar an Rialtas a bheith dáiríre faoina ndualgaisí don náisiún Gaelach. D’eagraigh Misneach stailc ocrais i 1966 mar agóid in aghaidh lucht an ghaimbín a bheith ag dul i gceann chomóradh leathchéid Éirí Amach na Cásca. Ba iad na seascaidí tréimhse Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta go hidirnáisiúnta, agus ní hiontas é, dá bhrí sin, gur lena linn a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go gairid tar éis don Chadhanach a leithéid a mholadh, Márta 1969. (ST, lgh. 258–9). Bhí bonn láidir faoin nGluaiseacht i nGaeltacht Chonamara, agus i mí an Mheithimh bheartaigh an Ghluaiseacht Peadar Mac an Iomaire a mholadh mar iarrthóir neamhspleách in Iarthar na Gaillimhe sa toghchán ginearálta, agus é mar aidhm acu cur isteach ar Fhianna Fáil i gceann de dhúnárais a gcumhachta. Ghlac an Cadhanach páirt ghníomhach san fheachtas: labhair sé ar son Mhic an Iomaire ag cruinnithe poiblí agus rinne sé teagmháil dhíreach le vótálaithe chun tathaint orthu tacaíocht a thabhairt dó; agus lena linn sin chuidigh Misneach i mBaile Átha Cliath leis an bhfeachtas poist. Chuaigh óráidí poiblí an Chadhanaigh i gcion go mór ar a lucht éisteachta: ba chainteoir éifeachtach poiblí é, ach lena chois sin bhí sé ag caint lena mhuintir féin agus bhí tionchar aige orthu ar shlite nach bhféadfadh cainteoirí a thug cuairt ar an dáilcheantar, leithéid Sheáin Uí Loingsigh, a shamhlú fiú. Ghnóthaigh iarrthóir Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta dóthain vótaí chun beaguchtach agus ceann faoi a chur ar Fhianna Fáil in Iarthar na Gaillimhe agus ar fud na tíre. Sna seascaidí deireanacha freisin bhí an Cadhanach gníomhach i bhfeachtais lena thabhairt ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach an t‑aifreann agus na sacraimintí a chur á gceiliúradh i nGaeilge do phobal Ráth Cairn agus do cainteoirí Gaeilge in Ard-deoise Átha Cliath.

I 1969 dúirt an Cadhanach: Dhá mba cúrsaí iomarbhá a bheadh i gceist bheadh sé cho maith dhom a rá go gcreidim go bhfuil mé marfach — dúnmharfach b’fhéidir — i gceachtar den dá theanga oifigiúil. (PBPB, lch. 34). Nuair a scríobh an tAthair Peadar Ó Laoghaire sa bhliain 1915 gur dhá arm aigne aige ab ea an Ghaeilge agus an Béarla, is as a ardchumas dhátheangach a bhí sé ag maíomh. Ní as sin go díreach a bhí Máirtín Ó Cadhain ag maíomh, siúd is go raibh sé dhátheangach, ach as a chumas fonóide, leadhbartha, aithisithe agus tarcaisnithe i nGaeilge agus i mBéarla a bheith ar an arm ba mharfaí dá raibh ina aidhleann aige. Ní bhíodh leisce dá laghad air an fhonóid, an leadhbairt, an aithis agus an tarcaisne a chur chun fónaimh go nimhneach nuair a d’inis a choinsias dó gur ar son na córa a bhí sé ag troid, agus ba mar a chéile an t‑ionsaí a rinne sé orthu siúd ba naimhde aige, dar leis, pé acu arbh é an Rialtas, na páirtithe polaitíochta, na hEaglaisí, institiúidí acadúla nó daoine a bhí i gcoinne na Gaeilge agus an náisiúin Ghaelaigh a bhí i gceist, nó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag ligean a maidí le sruth dar leis. Faoi mar a scríobh Seán Ó Ríordáin i ndiaidh a bháis: ‘Níor nós leis troid ar son cúise ach naimhde na cúise a ionsaí.’ D’ionsaigh sé na naimhde ó bhéal arís agus arís eile. Is dócha gurbh é an t‑ionsaí géar graosta a rinne sé ar Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Fachtna, le linn chomóradh Pheadair Uí Dhoirnín i nDún Dealgan i 1969 an ceann ba mhó a ghoin aire an phobail: ar aon nós fuair sé neart poiblíochta sna páipéir laethúla. Agus seachtainí beaga roimh a bhás, sheas sé an fód ar son scoil Dhún Chaoin i gCorca Dhuibhne, tráth a raibh sí le dúnadh. Scríobh sé na scórtha litreacha agus aistí ionsaitheacha freisin.

An imní dhásachtach faoina raibh i ndán don Ghaeilge a spreag é le An Ghaeilge Bheo: Destined to Pass a scríobh, ba í a spreag é le haiste dar teideal ‘Do na Fíréin’ a scríobh freisin. Aiste fhada aoire is magaidh is ea í seo, aiste inar iompaigh sé aghaidh a chraois ar na daoine is ar na hinstitiúidí a bhí ag déanamh siléige ina ndualgas i leith na Gaeilge. Foilsíodh an aiste sin in Comhar i Márta 1962, tharraing sí an sórt raice ba bhreá leis an gCadhanach agus d’éirigh eagarthóir Comhar, Breandán Ó hEithir, as a phost. Scríobh an Cadhanach ceithre aiste eile ar an téad céanna, ach gur threise ar an magadh ná ar an aoir iontu, ach dhiúltaigh Comhar iad sin a fhoilsiú. Ba í an imní a bhí air faoin nGaeltacht agus faoin nGaeilge an príomhthéama freisin i sraith de phaimfléid a d’fhoilsigh sé le linn na seascaidí: Irish Above Politics (1964), Mr Hill: Mr Tara (1964), An Aisling (1966) agus Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae (1970).

Ba é laige a chur chuige gur ídigh sé an oiread sin dá fhuinneamh ag ionsaí an bhratha in áit a dhúthracht a chaitheamh ar chlár gníomhaíochta a cheapadh leis na fadhbanna a bhí ag déanamh scime dó a réiteach. Is ag frithghníomhú a bhí sé in áit a bheith ag gníomhú go dearfach; agus sa mhéid go raibh sé ag iarraidh náire a chur orthu siúd a d’ionsaigh sé, gach seans gur saothar i bhfaighid a bhí ina chuid iarrachtaí mar nár thug a naimhde aon aird ar a chuid foghanna toisc nach raibh aon chiall don náire acu. Ach níorbh fhéidir a rá go raibh sé díomhaoin sna blianta sin, dá mb’amhlaidh nach raibh an scríbhneoireacht chruthaitheach á dhéanamh aige agus gur ghá an teip sin a mhíniú. Ach ar ndóigh níorbh amhlaidh a bhí ó thús na seascaidí ar aghaidh ar aon nós. Na ceithre aiste a scríobh sé i ndiaidh ‘Do na Fíréin’ a fhoilsiú, chuaigh sé i mbun oibre orthu sin arís, á n‑athscríobh agus ag cur leo ar shlí a rinne saothar aontaithe amháin díobh, dar leis. I gceann de na haistí ina ndearna sé coilichín paor de Ghael-Linn, eagraíocht a raibh an ghráin dhearg ar a stiúrthóirí aige, bhain sé leas fairsing as an idirthéacsúlacht le fráma tagartha i litríocht na hEorpa agus i luathlitríocht na Gaeilge a chruthú, phléigh sé gnéithe den bhitheolaíocht agus fadhbanna ama agus staire agus nocht sé an samhnas a chuir an chinsireacht air. Chuir sé an saothar seo isteach ar chomórtas úrscéalaíochta ag Oireachtas na bliana 1964. Níor ghnóthaigh sé aon duais, rud a chuir an-olc agus mórdhíomá air. Dúirt na moltóirí nach úrscéal a bhí sa saothar agus nár chóir é a chur isteach ar an gcomórtas áirithe sin; ach, bíodh nár phléigh siad fiúntas liteartha an tsaothair, níor staon siad óna thabhairt le fios go gcuirfeadh an saothar olc ar an oiread sin daoine nárbh fhéidir é a fhoilsiú. Thuig an Cadhanach go maith go gcuirfeadh an saothar olc ar dhaoine agus go ngortódh sé daoine, agus thug sé Barbed Wire mar theideal air, dá bharr sin. Níor foilsíodh é go dtí 2002 (eag. Cathal Ó Háinle).

Fuair bean chéile Mháirtín, Máirín Ní Rodaigh, bás sa bhliain 1965. Buille crua ab ea é sin, mar bhraith Máirtín go mór ar Mháirín ar mhórán slite. Ní raibh aon sliocht orthu. Lean Seán Ó hÉigeartaigh air ag tabhairt tacaíochta do Mháirtín agus thosaigh seisean ag foilsiú saothair chruthaithigh arís. Sa bhliain 1966 d’fhoilsigh sé gearrscéal nua dar teideal Ciréib.27 Tá an greann tur Cadhanach le sonrú sa scéal seo atá bunaithe ar na Soiscéil agus a chuireann an cheist: ‘Céard a tharlódh dá ndéanfadh Críost míorúiltí níos minice ná mar a rinne sé; dá ndéanfadh sé fíon d’uisce go minic, dá soláthródh sé arán agus éisc mar bhia do na sluaite arís is arís eile, dá leigheasfadh sé mórán daoine agus dá dtógfadh sé mórán ó mhairbh agus dá n‑éireodh leis soiscéal an ghrá a chur i gcion ionas go n‑éireodh daoine as an troid, as an mbruíon agus as an striapachas?’ Is é an freagra a thugann an scéal, ar ndóigh, dá ndéanfadh sé amhlaidh nach mbeadh ar dhaoine fíon, arán ná éisc a cheannach, nár ghá dóibh dul faoi chúram dochtúra, nach bhfaighidís bás, agus dá bharr sin nach mbeadh fostaíocht ann do bháicéirí, iascairí, lucht déanta fíona, tábhairneoirí, dochtúirí, snaidhmeadóirí cnámh, striapacha, reiligirí… Bheadh míshuaimhneas mór sóisialta, anord agus ciréibeacha ann. Agus ansin thiocfadh polaiteoir cliste slítheánta éigin chun cinn le bráca an phobail a chur chun sochair dó féin.28

Ní haon ghal soip a bhí sa scéal sin. Is cinnte go raibh go leor scéalta eile scríofa ag Máirtín faoin tráth sin, mar bhí bailiúchán nua scéalta dá chuid á réiteach le foilsiú níos deireanaí an bhliain chéanna sin,29 agus nuair a thairg an Institiúid Chultúir Ghael-Mheiriceánach £2000 mar dhuais do shaothar i nGaeilge, mhol Seán Ó hÉigeartaigh don Chadhanach go gcuirfí an bailiúchán nua sin isteach ar an gcomórtas. Bhí éagóir an bhreithiúnais a tugadh ar Barbed Wire fós ag dó na geirbe ag Máirtín agus dhiúltaigh sé go borb do mholadh Uí Éigeartaigh, ach d’éirigh leis siúd é a thabhairt ar mhalairt aigne ar ball,30 cuireadh an bailiúchán An tSraith ar Lár isteach ar an gcomórtas, bhuaigh sé an duais agus d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill é i 1967. Ceithre aiste dhéag atá ann agus iad an-éagsúil lena chéile i dtaca le hábhar is le foirm de. Ina measc tá an scéal Ciréib agus an aoir ar an státseirbhís, An Eochair; mar aon le sraith de chúig scéal a bhfuil a théama féin ag gach ceann acu, ach a bhfuil baill den phobal Gaeltachta céanna mar phearsana iontu uile; chomh maith le trí fháithscéal ‘Sraith eile ar lár’ agus ‘Cé acu?…’. Bhí gaisce eile déanta ag an gCadhanach agus bhí sé ar ais i ngort na litríochta cruthaithí agus é lán de ghlóir. Bhásaigh a chara, Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh, ar an 14ú lá de Mheitheamh na bliana sin agus thug Máirtín óráid os cionn na huaighe nuair a cuireadh é.

Tá an chuma ar an scéal go raibh tré de bhailiúcháin á bheartú aige an uair sin, agus i gceann trí bliana d’fhoilsigh sé an dara bailiúchán díobh, An tSraith Dhá Tógáil (1970). Nóta sin an dóchais sa teideal, tá sé aisteach ar shlí amháin, mar tá roinnt scéalta gruama dochracha sa leabhar ina léirítear an coimhthiú uirbeach agus an teip sa chaidreamh idir dhaoine. Níorbh é an chéad uair do Mháirtín tabhairt faoi ábhar mar sin, ach léirigh sé anseo go bhféadfadh sé déileáil anois le lánmháistreacht le pearsana, le saol agus le fadhbanna uirbeacha an 20ú céad. Bhí na scéalta tuaithe á bhfágáil ina dhiaidh aige, agus céim mhór eile curtha de aige i gcúrsaí scéalaíochta.

Ceapadh an Cadhanach in Ollúnacht na Gaeilge sa Tríonóid i 1969 agus toghadh ina Chomhalta de chuid an Choláiste é an bhliain dár gcionn, mar a luaigh mé i dtús na cainte seo. Bhí scríbhneoireacht chruthaitheach á déanamh arís aige. Bhí tromualach obair Ollscoile air: léachtaí, ranganna, cruinnithe, scrúduithe, riarachán sa Tríonóid; léachtaí i mBéal Feirste; scrúdaitheoireacht sheachtrach Ollscoil na hÉireann. Bhí sé i mbun agóidíochta ar son na Gaeilge is na Gaeltachta. I 1969 thug sé trí léacht phoiblí: mí Eanáir ceann de shraith léachtaí Thomáis Dáibhís ar Raidió Éireann faoi Chonradh na Gaeilge; mí Feabhra an léacht cháiliúil ag Scoil Gheimhridh Merriman faoina shaothar féin agus faoin litríocht i gcoitinne; mí Mheán Fómhair léacht ar nua-litríocht na Gaeilge ag Comhdháil ‘Taliesin’ de chuid Acadamh na Breataine Bige. Ach bhí a shláinte ag teip. Bhí sé tar éis tréimsí a chaitheamh san ospidéal le linn na seascaidí, agus bhí a neart intinne agus coirp á ídiú anois ag an obair mhór a bhí á dhéanamh go leanúnach aige. Díreach agus an bhliain úr acadúil ar tí tosú i bhFómhar na bliana 1970, tugadh Máirtín isteach in ospidéal an Mater ar an 9ú lá de Dheireadh Fómhair. Bhásaigh sé ansin naoi lá níos deireanaí.

Sa bhliain 1977 d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill an tríú leabhar den tré, An tSraith Tógtha. Tá roinnt aistí suimiúla ann, ach ar deireadh thiar ní dhéanann an bailiúchán ach a mheabhrú dúinn cad é an saothar cruthaitheach a d’fhéadfadh an Cadhanach a dhéanamh fós, dá mairfeadh sé níos faide. Fuair sé an chaoi sa leabhar sin, áfach, an focal deireanach magaidh a rá faoin scríbhneoir, faoi féin mar scríbhneoir, b’fhéidir. Sa scéal deiridh sa leabhar, ‘Ag Déanamh Páipéir’, treascraíonn sé prionsabail an ghearrscéil chlasaicigh trí thráchtas fada a chur i dtosach an scéil lena mhíniú nach gciallaíonn teideal an scéil go raibh an scéalaí ag táirgeadh páipéir, ach go raibh páipéar á dhéanamh de, go raibh sé ag iompó ina pháipéar, ag claochlú ina pháipéar, agus gurb é sin is brí leis an teideal i nGaeilge Chonamara. Is léir gur ag fonóid faoi fhoirm an ghearrscéil chlasaicigh atá sé. Ar ball tugann pearsa an scéil le tuiscint gur fear é féin atá tar éis a shaol ar fad a chaitheamh ag scríobh cáipéisí agus tugann sé cuntas ar an gcaoi a ndearnadh páipéar de. Ar deireadh thiar tagann a leannán chuige. Tá sí ag iompar a pháiste-sean, ach tá sé dídhaonnaithe go hiomlán, ní féidir leis an grá daonna a mhothú a thuilleadh ó tharla go bhfuil páipéar déanta dá chroí agus nach féidir leis grá a thabhairt ach don pháipéar. Deir sé leis an léitheoir i bhfocail dheiridh an scéil: Tá páipéar déanta uilig agam, faoi dheire agus faoi dheoidh, croí, gabhal agus eile…31 Is féidir linne a bheith buíoch go ndearna Máirtín Ó Cadhain páipéar ar shlí, go bhfuil an oiread sin dá phearsantacht is dá fhuinneamh cruthaítheach claochlaithe ina scéalta agus go maireann a phearsantacht is a mhórshamhlaíocht ar phár sna leabhair a d’fhoilsigh sé.

Nótaí

  1. An tSiúr Bosco Costigan ⁊ Seán Ó Curraoin, De Ghlaschloich an Oileáin [GO], Cló Iar-Chonnachta, Béal an Daingin, 1987, lch. 20.
  2. Thuig Máirtín féin gurbh amhlaidh a bhí. Táirchoimpléasc nó inferiority complex ba chúis leis, dar leis, agus dúirt sé: Ag ceilt cúthaileacht ghránna a bhím le mo chuid sotail. (Bríghid Uí Éigeartaigh, ‘A Chara…’ in Comhar, 39.10 (Deireadh Fómhair, 1980), lch. 25. Dúirt sé liomsa gur ócáid sa Russell Hotel i mBaile Átha Cliath, nuair a bhí sé i measc lucht na measúlachta agus gur thug sé faoi deara go raibh siad ag breathnú air go sotalach tarcaisneach, a chuir an síol as ar fhás an scéal ‘Sraith Eile ar Lár’ in An tSraith ar Lár (1967).
  3. Bhí aghaidh eile ar an mbonn sin, ar ndóigh, i dtaca le saibhreas a chuid Gaeilge de, rud a bheidh a lua agam arís ar ball.
  4. Féach Gearóidín Uí Laighléis, ‘Máirtín Ó Cadhain agus Sally Kavanagh’, Bliainiris 2003, eag. Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil, Carbad, Ráth Cairn, Contae na Mí, 2003, lgh. [75–94] 78–84.
  5. Seán Ó Laighin (eag.) Ó Cadhain i bhFeasta, Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1990, lch. 283.
  6. Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca [PBPB], An Clóchomhar Tta., [Baile Átha Cliath], 1969, lch. 40.
  7. Féach Aindrias Ó Cathasaigh, Ag samhlú troda: Máirtín Ó Cadhain, 1905–1970 [ST], Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002, 155–9.
  8. As an nGéibheann [AG], Sáirséal ⁊ Dill, Baile Átha Cliath, 1973, lch. 152.
  9. Ba é sin Neil Goold, is dócha: féach Tony Mc Inerney in Uinseann Mac Eoin, The IRA in the Twilight Years: 1923–’48, Argenta Publications, Dublin, lch. 679. Deir Mattie O’Neill, ibid. 726, go raibh doicheall ag an gCadhanach roimh Goold agus gur dóigh go raibh sin amhlaidh toisc go raibh cumannachas Goold bun os cionn le poblachtánachas fhormhór na mball den IRA sa ghéibheann. Tá mé buíoch den Ollamh David Simms, TCD, as ucht na dtagairtí sin a chur ar mo shúile dom.
  10. Ceann de na scéalta fada sin, An tAonú Fleasc Déag, is úrscéal gearr seachas gearrscéal fada a thugann an Cadhanach air i litir chuig Tomás Bairéad. (AG, lch. 144).
  11. Agus bhain sé leas tairbheach aisti agus é ina ógánach. Ag trácht dó ar a cheantar Gaeltachta féin in An Ghaeilge Bheo: Destined to Pass (eag. Seán Ó Laighin), Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2002, lch. 125, deir sé: Tá eolas agam ar chuile chloch ann… Is iomaí rud a rinne mé ar chúl na gclocha céanna. Ar chúl ceann acu a chuir mé an chéad eolas goirt ar an saol: blas na glóire a mhealladh as béal cailín oíche réaltghorm Choisfharraigeach agus í ag fealladh orm, dom fhágáil dhá oíche, trí oíche aríst, ag déanamh leanna ar chúl na cloiche sin. Mura raibh an béal chomh bríomhar le béal Chearbhaill Uí Dhálaigh – …Cearbhall Eileanóra — bhí sé chomh beo céanna tá súil agam. Agus b’fhéidir gur deacair don Bhenthamite Ó Faoláin a thuiscint gur sa nGaeilge a rinneadh an soiscéal fánach sin ar chúl cloiche i gCois Fharraige oíche réaltghorm fadó. Dhá dtuigeadh sé an méid sin thuigfeadh sé go mba teanga bheo í an Ghaeilge. Is ar éigean a bhí fhios ag dís ar chúl cloiche de chlocha Chois Fharraige an oíche sin go raibh an ateanga sa saol.
  12. Féach PBPB, lch. 15: An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol orm scaití, de mo bhuíochas. Liomsa an bhéim.
  13. Féach PBPB, lch. 28, áit a ndeir an Cadhanach go raibh An Strainséara ar cheann de na scéalta ar dhiúltaigh an Gúm dóibh. N’fheadar an raibh Ciumhais an Chriathraigh ar cheann eile acu? Scríobh an Cadhanach é sin le linn dó a bheith sa phríosún (AG, lch. 147) agus foilsíodh leagan de ar Comhar, Nollaig 1945, leagan nach ionann é agus an leagan a foilsíodh in Cois Caoláire.
  14. Féach litir ó Mháirtín chuig Seán Ó hÉigeartaigh atá luaite in GO, lch. 74; féach freisin PBPB, lch. 28.
  15. Féach, mar shampla, na litreacha dar dátaí Lá Samhna, 1953, agus 23 Eanáir, 1967, in Bríghid Uí Éigearthaigh, ‘A chara…’.
  16. ‘Athléamh ar Chré na Cille’, Léachtaí Cholm Cille 5, An Sagart, Má Nuad, 1974, lgh. 51-3.
  17. [Cathal Ó Háinle], ‘Jan Erik Rekdal, an Ghaeilge agus Cré na Cille’, Criostalú (eag. Cathal Ó Háinle), Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1998, lch. 102.
  18. Tá siad foilsithe in Aindrias Ó Cathasaigh (eag.), Caiscín, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1998.
  19. Féach litir ó Mháirtín chuig Seán ó hÉigeartaigh athluaite in Ó Cathasaigh, Caiscín, lgh. 1–2.
  20. ‘Talk of the Dead’, The Irish Times: ‘[Cre na Cille] is written by a man who handles his native Connemara Irish flexibly and confidently… [T]he dialogue [in Cré na Cille]… is the great triumph of the book — racy of the soil and pitilessly true to life; I do not think that Máirtín Ó Cadhain has any rivals in this field.’
  21. David Greene, Writing in Irish To-day / Nua-litríocht na Gaeilge, Cló Mercier, Corcaigh, 1972, lch. 44.
  22. Cóip dá iarratas in GO, lgh. 352–8.
  23. ‘Ó Cadhain: Fear Riaracháin’, Comhar, Deireadh Fómhair 1971, lch. 27.
  24. ‘Irish prose in the twentieth century’, Literature in Celtic Countries (eag. J.E. Caerwyn Williams), University of Wales Press, Cardiff, 1971; ‘Conradh na Gaeilge agus an litríocht’, The Gaelic League Idea (eag. Seán Ó Tuama), Mercier, Corcaigh, 1972.
  25. Féach GO, lch. 356. Seans gurbh í seo an scríbhinn a bhí i bprofaí i 1967: féach PBPB, lch. 29.
  26. Mar a luaigh mé cheana, bhí staidéar á dhéanamh aige ar Jacques Maritain le linn dó a bheith sa ghéibheann sna daichidí.
  27. In Breandán S. Mac Aoidh (eag.), Cnuasach, Scepter, Baile Átha Cliath, a foilsíodh é.
  28. Tá an scéal seo pléite níos mine agam in ‘“Cúig mo láimhe dhéanta”’, Criostalú (eag. Cathal Ó Háinle), lgh. 123–31.
  29. Féach Bríghid Uí Éigeartaigh, ‘A chara…’, lch. 27.
  30. Féach Bríghid Uí Éigeartaigh, ‘A chara…’, lgh. 28–29.
  31. An tSraith Tógtha, lch. 158.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus de na foilsitheoirí as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú.